Seirbhís do chustaiméirí
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is oifig reachtúil neamhspleách é Coimisinéir na Nochtuithe Cosanta a bunaíodh chun tuarascálacha éagóra a bhainean leis an obair a chur faoi bhráid an chomhlachta chuí chun iad a mheas ar an gcéad ásc agus a fhiosrú. Leagtar síos sa doiciméad seo ár dtiomantas maidir le Seirbhís do Chustaiméirí agus na caighdeáin seirbhísí is féidir leat a bheith ag súil leo nuair a théann tú i dteagmháil linn.
Tá sé mar aidhm againn dea-sheirbhís a sholáthar duit agus cúirtéis agus meas a léiriú. Bímid ag súil go léiróidh tusa cúirtéis agus meas ar ár bhfoireann. Léireoimid meas ar do phríobháideachas agus beimid cúramach leis an eolas a sholáthraíonn tú dúinn. Ní roinnfimid é ach chun freagairt a thabhairt ar do cheist nó ar do thuarascáil éagóra. Bímid ag súil go mbeidh meas agatsa ar phríobháideachas na foirne anseo.
Má ghlaonn tú orainn:
Má sheolann tú litir, ríomhphost nó ceist ar líne chugainn a bhaineann le tuarascáil éagóra:
Tá tuilleadh sonraí le fáil faoi conas is féidir tuarascáil éagóra a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin. ( [internal-link 285087 | Cad a tharlaíonn nuair a théim i dteagmháil leis an gCoimisinéir ] )
Má sheolann tú litir, ríomhphost nó ceist ar líne chugainn nach bhfuil baint acu le tuarascáil éagóra:
Iarraimid ar gach duine a thugann cuairt orainn go pearsanta coinne a dhéanamh roimh ré. Má thugann tú cuairt orainn
Má thugann tú cuairt orainn gan choinne, déanfaimid ár ndícheall freastail ort. D’fhéadfadh sé tarlú nach féidir é seo a dhéanamh, áfach. Mura féidir linn freastail ort, comhaontóimid dáta agus am eile chun bualadh leat.
Déanfaimid gach iarracht cuidiú leat más mian leat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Áirítear leis seo:
Má théann rudaí in aimhréidh agus má tá tú míshásta lenár seirbhís do chustaiméirí, inis dúinn é, le do thoil.
Baineann sé seo le seirbhís agus cúram do chustaiméirí agus conas ar dhéileáil an fhoireann leat.
Má tá easaontas ann faoin toradh i do chás, sáródh sé sin scóip an cineál seo gearáin. Tá eolas maidir le conas a théann an Coimisiún i ngleic le tuarascálacha éagóra le fáil inár ndoiciméad Nósanna Imeachta Achomair.
Is féidir leat cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:
Tá suim againn i gcónaí moltaí a chloisteáil faoi conas is féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhís. Más maith leat rud éigin a rá nó moladh a dhéanamh, cuir ríomhphost chuig: info@opdc.ie
Tá sonraí le fáil faoi conas is féidir tuarascáil éagóra a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin. Lena chois sin, tá ár nósanna imeachta achomair le fáil ann ina mhínítear na tuarascálacha sin.
Tá ár sonraí teagmhála iomlána le fáil ar an leathanach 'Déan Teagmháil linn' inár suíomh gréasáin.
Ríomhphost: info@opdc.ie