Tá Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta tiomanta dá suíomh Gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach Comhlachtaí den Earnáil Phoiblí) 2020.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le hábhar a fhoilsítear ar www.ocei.ie
Comhlíonann an suíomh Gréasáin seo go páirteach na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.1 leibhéal AA, mar gheall ar an ábhar neamh-inrochtana atá liostaithe thíos.
Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le hinrochtaineacht, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag AccessOfficer@ombudsman.ie. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh aon ábhar atá á lorg agat curtha ar fáil agus inrochtana.
Táimid ag obair chun feabhas a chur ar chomhlíonadh inrochtaineachta ár suíomh Gréasáin agus déanfaimid iarracht gach caighdeán inrochtaineachta a chur i bhfeidhm ar ábhar a bhítear á fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin.
Níl codanna de shuíomh Gréasáin an Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta inrochtana go hiomlán. Mar shampla:
Ní liosta uileghabhálach é seo d’ábhar neamh-inrochtana agus oibreoimid tríothu seo agus saincheisteanna eile chun aghaidh a thabhairt orthu.
Tá dhá mhír oibre á ndéanamh ag Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta chun inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo a fheabhsú:
1. Tá an fhoireann ag athbhreithniú agus ag feabhsú inrochtaineacht gach PDF ar bhonn leanúnach
2. Tá Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta i dteagmháil lenár bhforbróirí suíomh gréasáin chun dearadh agus inrochtaineacht ár suíomh gréasáin a fheabhsú
Tá ábhar a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe faoi Threoir an AE maidir le hInrochtaineacht gréasáin. Tá Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta tiomanta do chinntiú go bhfuil ár n-ábhar go léir chomh inrochtana agus is féidir.
Mar ullmhúchán don ráiteas seo rinne Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta meastóireacht ar chomhlíonadh an tsuímh Ghréasáin le ceanglais Threoir (AE) 2016/2102 trí fhéinmheasúnú a Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta i gcoinne WCAG 2.1
D'aithin an t-athbhreithniú seo roinnt saincheisteanna a réitíodh ó shin.
Tá Oifig an Choimisinéara Faisnéise tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an suíomh ghréasáin seo.
Má tá tuairim nó gearán agat faoi inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag AccessOfficer@ombudsman.ie
Más mian leat ábhar ar leith i bhformáid inrochtana, cuir na sonraí seo a leanas san áireamh le do thoil:
Déanfaimid gach iarracht réasúnach chun d'iarratas a chomhlíonadh.
Déantar seirbhísí nó saoráidí áirithe ‘intí’ a chomhroinnt le hOifig an Ombudsman. Déileálann ár nOifigeach Rochtana le fiosrúcháin agus gearáin faoi inrochtaineacht, arb é an ról atá aige cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil rochtain acu ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana trí ríomhphost ag accessofficer@ombudsman.ie nó ar an teileafón ag 01 639 5635.
Chun eolas a fháil maidir le gearán a dhéanamh, féach, le do thoil, ar ár seirbhís do chustaiméirí.