Seachas an suíomh gréasáin seo, tá roinnt acmhainní eile a gcuireann eolas faoi nochtadh cosanta ar fáil:
Is eagraíocht neamhspleách, neamhrialtasach í: www.transparency.ie
Tá líne chabhrach rúnda i bhfeidhm ag Transparency International Ireland, agus ligeann sí rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an Ionad Comhairle Dlí de chuid TII. Is féidir leis an líne chabhrach atreoruithe saor in aisce a chur ar fáil ach á n-iarraidh maidir le comhairleoireacht ghairmiúil.
Tá TII agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann tar éis tús a chur le comhthionscadal dar teideal ‘Speak Up Safely – Support for Vulnerable Workers’ (Labhair Amach gan Eagla – Tacaíocht d'Oibrithe ar Lagchuidiú). Tá sé mar aidhm acu a chinntiú gur féidir le hoibrithe ar lagchuidiú, lena n-áirítear iarrthóirí tearmainn agus oibrithe imirceacha, labhairt amach i leith dálaí neamhshábháilte ne hoibre agus iad in ann leas a bhaint as treoir maidir lena gcuid cearta agus maidir le rochtain ar chomhairle dlí a saor in aisce’.
Ní féidir le Transparency International Ireland comhairle dlí a chur ar fáil d'fhostóirí agus/nó d'fhaighteoirí nochtadh cosanta.
Cuireann an suíomh Gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh tuilleadh faisnéis faoi Nochtadh Cosanta ar fáil ar a leathanach ‘Protection for whistleblowers’ (Cosaint do Sceithirí): www.citizensinformation.ie
Tá Cód Cleachtais curtha le chéile ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a thugann treoir agus a leagann amach an dea-chleachtais chun cabhrú le fostóirí, oibrithe agus a gcuid ionadaithe an dlí maidir le nochtadh faisnéise maidir le héagóir san ionad oibre a thuiscint agus conas déileáil lena leithéid nochtadh faisnéise: www.workplacerelations.ie
An tAcht um Nochtadh Cosanta Treoir reachtúil do chomhlachtaí poiblí agus daoine forordaithe
Má chinneann tú tuairisc a dhéanamh do ‘dhuine forordaithe’ seachas do d’fhostóir, ba chóir duit a bheith cúramach an duine nó an eagraíocht cheart a roghnú le haghaidh do shaincheist. Mar shampla, má tá sárú á dhéanamh agat ar an dlí um chosaint sonraí, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Tá liosta na ‘ndaoine ceaptha’ ar féidir leat éagóir a thuairisciú dóibh agus cur síos ar na hábhair is féidir leat tuairisc a thabhairt dóibh ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
An tAcht um Nochtadh Cosanta Treoir reachtúil do chomhlachtaí poiblí agus daoine forordaithe
Sé an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 an reachtaíocht a rialaíonn nochtadh cosanta. Leasaíodh é sa bhliain 2022 chun, i measc rudaí eile, bunú Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosantaan a chur san áireamh.
Sheol Transparency International Ireland (TI Ireland) agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann comhthionscadal dar teideal ‘Speak Up Safely – Support for Vulnerable Workers’. Tá sé mar aidhm acu a chinntiú gur féidir le hoibrithe leochaileacha, lena n-áirítear lucht iarrtha tearmainn agus oibrithe imirceacha, labhairt amach faoi dhálaí neamhshábháilte oibre le leas a bhaint as treoir maidir lena gcearta agus rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce: Comhairle Dídeanaithe na hÉireann
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach anseo.
Féach ar ár leathanach teagmhála anseo.