An tuarascáil bhliantúil don bhliain 2024 foilsithe ag an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta, Ger Deering, tuarascáil inniu ar obair a Oifige i rith 2024 agus í ag déileáil le tuairiscí ar éagóiritheoireacht san ionad oibre.
Seolann Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta tuairiscí a fhaigheann sí ar éagóirtheacht san ionad oibre (ar a dtugtar ‘sceithireacht’ uaireanta) chuig an eagraíocht is oiriúnaí chun bearta leantacha a dhéanamh maidir leis an tuarascáil, amhail rialtóir don réimse sin. Déileálann Oifig an Uasail Deering freisin le tuairisc ar éagóiritheacht san ionad oibre nuair nach mbíonn eagraíocht chuí ann chun déileáil léi.
Ag labhairt dó ar fhoilsiú na tuarascála bliantúil don bhliain 2024 dúirt an Coimisinéir:
“Is casta an córas an córas maidir le nochtadh cosanta casta agus féadfaidh sé a bheith dian ar daoine dul i ngleic leis. Cuidíonn m’Oifig le daoine teacht ar an áit is oiriúnaí chun líomhain maidir le héagóiritheacht san ionad oibre a thuairisciú.”
Dúirt an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta Ger Deering, atá ina Ombudsman agus ina Choimisinéir Faisnéise freisin:
“Ní mór iad siúd a dhéanann gearán maidir le fíor-éagóiriitheacht a chosaint. Tá sé riachtanach freisin go ndéantar bearta leantacha maidir le tuairiscí dlisteanacha i gceart agus go ndírítear ar an éagóiritheacht agus ní ar an duine a rinne í a thuairisciú. “
Fuair an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta 262 thuairisc in 2024 ó oibrithe agus ó dhaoine eile lenar líomhnaíodh go raibh éagóiritheacht san ionad oibre – laghdú beag ar líon na dtuairiscí a fuarthas in 2023, 283, sa chéad bhliain don Oifig i mbun oibre.
I rith 2024 sheol sí 247 de na tuairiscí chuig na heagraíochtaí is oiriúnaí chun déileáil leis na líomhaintí, agus dhéileáil Oifig an Choimisinéara le naoi gcinn de na tuairiscí sin í féin.
Tá sonraí breise leagtha amach i dTuarascáil Bhliantúil 2024 an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta a bhfuil fáil uirthi ag www.opdc.ie
CRÍOCH
Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta Tuarascáil Bhliantúil 2024
Nóta d’Eagarthóirí
Nóta tábhachtach: Maidir leis na táblaí atá leagtha amach ar leathanach 20 den tuarascáil bhliantúil (‘An cúigear is mó ar tharchuir an Oifigh um Nochtadh Cosanta tuairiscí chucu’), ní gá go léiríonn na figiúirí tuairiscí nó éagóiritheacht san eagraíocht ina bhfuil na daoine sin. Ina ionad sin, léiriú atá ann ar an eagraíocht is oiriúnaí chun déileáil leis an líomhain maidir le héagóirtheacht, mar shampla eagraíochtaí a bhfuil ról rialála acu sa réimse sin.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta faoin Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022. Déantar foráil san Acht seo gurb é an tOmbudsman (Ger Deering faoi láthair) a bheidh ina Choimisinéir um Nochtadh Cosanta. Cuireadh tús le hoibríochtaí na hOifige ar an 1 Eanáir 2023. Is é ról an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta tuairiscí ar éagóiritheacht san ionad oibre (a fhaightear ó oibrí, ó Aire Rialtais, nó ó ‘dhuine forordaithe’ ar nós rialtóir) a chur chuig an eagraíocht is oiriúnaí chun bearta leantacha a dhéanamh maidir leis an tuairisc de réir an Achta.
I gcúinsí áirithe, breithneoidh an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta tuairisc maidir le héagóiritheacht agus déanfaidh sé bearta leantacha maidir léi i gcás nach ann d'eagraíocht iomchuí eile.
Mar sin de, féadfaidh duine ar mian leis nochtadh cosanta a dhéanamh dul i dteagmháil lena fhostóir, le hAire Rialtais, nó le ‘duine forordaithe’ ar nós an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre nó an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA). Má tá amhras orthu, is féidir leo dul i dteagmháil freisin leis an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta a sheolfaidh an tuairisc chuig an duine is oiriúnaí chun déileáil léi.
Ceisteanna ó na Meáin
Dave Nutley,
Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta
Fón 086 412 0240
Ríomhphost: david.nutley@ombudsman.ie
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
www.opdc.ie