Más fostóir thú atá ag lorg comhairle maidir le conas nochtadh cosanta a dhéantar duit a láimhseáil, d’fhéadfadh na hacmhainní seo a leanas cabhrú leat:
Chuir an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Cód Cleachtais le cheile a thugann treoir agus a leagann amach an deachleachtas chun cabhrú le fostóirí, oibrithe agus a n-ionadaithe an dlí a thuiscint i leith na faisnéise a nochtadh maidir le héagóir in ionad na hoibre agus conas déileáil le nochtadh a leithéid faisnéise: workplacerelations.ie
Dearadh an clár Ionracas ag an Obair (IAO) chun cabhrú le hionaid na hoibre a chothú ina dtugtar tacaíocht d'éinne a gcuid imní faoi éagóir a thuairisciú agus gníomhú ina gcoinne le hionracas. Is féidir le baill foirne leas a bhaint as roinnt tacaíochtaí, ina measc uirlisí féinmheasúnaithe agus rochtain ar an bhfaisnéis, trí Dheasc Chabhrach an IAO: integrityatwork.ie