D’fhéadfadh go n-eascródh imthosca nuair nach mian le duine tuairiscithe dul ar aghaidh lena dtuairisc a thuilleadh. I gcás nach mian le duine tuairiscithe a thuilleadh dul ar aghaidh lena thuarascáil, ba cheart dó dul i dteagmháil leis an oifig i scríbhinn a luaithe is féidir chun a seasamh agus an chúis atá leis a dhearbhú. Breathnófar ar aon chumarsáid ón duine tuairiscithe agus glacfar cibé beart is cuí leis an gCoimisinéir.
Ní féidir, áfach, tuairisc ar éagóir ábhartha a tharraingt siar. Ar an gcúis seo, moltar do dhaoine tuairiscithe a bheith rannpháirteach inár nós imeachta réamh-rannpháirtíochta sula ndéanann siad a dtuairisc.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach comhlacht achomhairc sinn.
Ní bhaintear úsáid as an téarma “sceithre” san Acht um Nochtadh Cosanta. Ina áit sin, déantar tagairt san tAcht do “nochtadh cosanta”. Séard is nochtadh cosanta ann ná cineál áirithe tuairisce ó oibrí a baineann le héagóir in ionad na hoibre. Is féidir leis an Acht um Nochtadh Cosanta cosaintí áirithe a cur ar fáil nuair a thuairiscíonn tú éagóir in ionad na hoibre. Chun cáiliú do na cosaintí faoin Acht, ní mór duit coinníollacha ar leith a chomhlíonadh. De ghnáth, séard atá i gceist leis na coinníollacha seo ná gur thusa oibrí a thuairiscíonn faisnéis a fuair tú amach i gcomhthéacs a bhaineann le hobair a gcreideann tú le réasún a léiríonn go bhfuil/go raibh éagóir ábhartha ar siúl. Baineann coinníollacha breise léi a braitheann ar cé leis a bhfuil do thuairisc á déanamh agat.
Glactar leis gur nochtadh cosanta atá i ngach tuaraisc go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
Sula ndéanann tú do thuairisc, molaimid duit machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna thíos. Ba cheart go mbeifeá in ann freagra dearfach a thabhairt orthu go léir a leanas sula gcuireann tú isteach í:
1. An Oibrí thú mar atá sainmhínithe san Acht um Nochtadh Cosanta?
2. Ar tháinig tú ar an eolas atá á thuairisciú agat i gcomhthéacs do chuid oibre?
3. An gcreideann tú i ndáiríre go léiríonn an fhaisnéis ábhar éagóra amháin nó a thuilleadh?
4. An gcreidfeadh duine réasúnta go léiríonn an fhaisnéis ábhar éagóra?
5. An bhfuil tú cinnte nach ceist phearsanta duit amháin í an éagóir? (féach thíos le haghaidh faisnéis faoi ghearáin phearsanta)
6. Ar smaoinigh tú ar thuairisc a dhéanamh le d'fhostóir?
7. Má tá tuairisc á dhéanamh agat le duine nach d'fostóir é, an sásaíonn tú na critéir atá leagtha síos amach san Acht?
Má tá sé ar intinn agat tuaraisc a thabhairt don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta, ba chóir go mbeadh freagraí dhearfaigh agat freisin ar na ceisteanna seo a leanas:
1. Ar smaoinigh tú ar thuairisc a dhéanamh le ‘dhuine ceaptha’ m.sh rialtóir?
2. An gcreideann tú i ndáiríre gur fíor go substaintiúil iad an fhaisnéis agus aon líomhaint lena bainean?
3. An gcreidfeadh éinne réasúnach gur fíor go substaintiúil iad an fhaisnéis agus aon líomhaint lena bainean?
Má cháilíonn do thuairisc i dteideal cosanta faoi réir an Achta, beidh feidhm ag na cosaintí atá leagtha amach thíos.
Ag brath ar chúrsaí agat ag an am, d’fhéadfadh gur cinneadh mór duitse é éagóir a thuairisciú.. Más mian leat á phlé, cuireann Transparency International Ireland seirbhís rúnda faisnéise agus tacaíochta ar fáil chomh maith le rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce i leith nochtadh cosanta a dhéanamh.
I gcomhthéacs fostaíochta, is féidir le gearán a bheith ina chlamhsán ag fostaí dá bhfostóir. Uaireanta is nochtadh cosanta é clamhsán ach ní i gcónaí a bhíonn an scéal. Ní dócha gur nochtadh cosanta é clamhsán leis an bhfostaí atá ar bhonn pearsanta amháin.
Samplaí de nochtadh cosanta
De ghnáth, ba cheart déileáil le gearáin phearsanta na fostaíochta faoi ghnás inmheánach na ngearán nó faoi ghnássanna eile an fhostóra m.sh. gnás na dínite ag an obair.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag:
Forálann an tAcht um Nochtadh Cosanta gur cion coiriúil é pionós a ghearradh nó a leithéid a bhagairt ar éinne nó ar éinne atá bainteach leis an duine sin as nochtadh cosanta a dhéanamh..
Má ghearr d’fhostóir pionós ort mar gheall ar nochtadh cosanta a rinne tú ina iomlan nó ina phríompháirt, b’fhéidir go mbeifeá in ann gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus b'fhéidir go mbeidh tú in ann cás a thabhairt chuig an gCúirt Chuarda le haghaidh faoisimh eatramhach a fhail.
De ghnáth, bíonn sé mhí agat chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, ach is féidir an tréimhse a shíneadh ar feadh sé mhí eile má bhaineann cúis réasúnta leis an moill.
Ní mór duit iarratas ar fhaoiseamh eatramhach chuig an gCúirt Chuarda a dhéanamh laistigh de 21 lá ón uair dheiridh a gearradh pionós ort.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na háiteanna ar féidir leat comhairle a fháil ar na ceisteanna seo agus faoi cheisteanna eile, ag ar ár leathanach faoi Acmhainní.
Má briseadh as do phost thú toisc go ndearna tú nochtadh cosanta, is féidir leat gearán a dhéanamh faoi dhífhostú éagórach leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. D’fhéadfá cás a thabhairt freisin chuig an gCúirt Chuarda le haghaidh faoisimh eatramhach.
De ghnáth, bíonn sé mhí agat chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Is féidir an tréimhse a shíneadh ar feadh sé mhí eile má bhaineann cúis réasúnta leis an moill.
Ní mór duit iarratas ar fhaoiseamh eatramhach chuig an gCúirt Chuarda a dhéanamh laistigh de 21 lá ón dáta ar briseadh as do phost thú.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na háiteanna ar féidir leat comhairle a fháil ar na ceisteanna seo agus faoi cheisteanna eile, ag ar ár leathanach faoi Acmhainní.
Cé is moite d’imeachtaí clúmhillte, ní féidir caingean dlí sibhialta a thionscnamh i do choinne as nochtadh cosanta a dhéanamh.
Is féidir oibrithe a agairt mar gheall ar chlúmhilleadh ach tá siad i dteideal cosanta ar “phribhléid cháilithe”. Ciallaíonn sé seo gur chóir go mbeadh sé an-deacair go n-éireodh le cás clúmhillte in aghaidh oibrí más féidir leis an oibrí a thaispeáint go ndearna siad nochtadh cosanta de réir an Achta agus nár ghníomhaigh siad go mailíseach.
Níl aon bhunús eile ar a bhféadfar oibrí a agairt má tá nochtadh cosanta déanta acu de réir an Achta – m.sh. ní féidir oibrí a dhéanann nochtadh cosanta a agairt as sárú rúndachta.
Má dhéantar tú a ionchúiseamh as faisnéis a nochtadh atá toirmiscthe nó srianta (m.sh. faoin Acht um Rúin Oifigiúla 1963), is cosaint é duit a thaispeáint gur chreid tú le réasún go raibh tú ag déanamh nochtadh cosanta ag an am a tharla an cion líomhnaithe.
Má tá nochtadh cosanta á dhéanamh agat, tá an dualgas ar an te a fuair do thuairisc d’aitheantas a chosaint. Tá an dualgas seo faoi réir roinnt eisceachtaí, m.sh. is féidir an fhéiniúlacht a nochtadh má tá ga lena leithéid chun an tuairisc a rinne tú a fháil, a scaipeadh nó a leanúint.
Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh gan ainm agus gheobhaidh tú an chosaint faoin Acht um Nochtadh Cosanta chomh fada agus a chomhlíonann tú gach riachtanas lena bhaineann. Mar sin féin, níl an dualgas ar an té a fhaigheann an tuairisc gan ainm glacadh lé leanúint uirthi muna duine ceaptha é agus nach bhfuil cosc dlí orthu a dhéanamh amhlaidh.