Ag brath ar chúrsaí agat ag an am, d’fhéadfadh gur cinneadh mór duitse é éagóir a thuairisciú. Seo thíos roinnt acmhainní atá ar fáil chun cabhrú leat tuairisc a thabhairt go sábháilte ar éagóir:
Ag brath ar chúrsaí agat ag an am, d’fhéadfadh gur cinneadh mór duitse é éagóir a thuairisciú. Seo thíos roinnt acmhainní atá ar fáil chun cabhrú leat tuairisc a thabhairt go sábháilte ar éagóir:
TII - Speak Up Safely - A Quick Guide to Blowing the Whistle in Ireland (Fotheidil Liotuáinis)
TII - Speak Up Safely - A Quick Guide to Blowing the Whistle in Ireland (Fotheidil Sínis (Mandairinis))
Déanann móramh na ndaoine teagmháil lena bhfostóir ar dtús maidir le tuairisc a dhéanamh ar éagóir. D’fhéadfadh beartas agus cainéal tuairiscithe ar leith a bheith ag d’fhostóir chun déileáil le tuairiscí ar éagóir, agus d'fhéadfá úsáid a bhaint astu.
Is eagraíocht neamhspleách, neamhrialtasach í Transparency International Ireland (TII). Tá líne chabhrach rúnda i bhfeidhm ag Transparency International Ireland, agus ligeann sí rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an Ionad Comhairle Dlí de chuid TII. Is féidir leis an líne chabhrach atreoruithe saor in aisce a chur ar fáil ach á n-iarraidh maidir le comhairleoireacht ghairmiúil.
Sí Comhdháil na gCeardchumann (CCCÉ) an scátheagraíocht aonair don mhóramh na gceardchumann agus is féidir leo comhairle a chur ort nó treorú a thabhairt duit maidir le cabhair a fháil ó cheardchumann áitiúil: Comhdháil na gCeardchumann
Chuir an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre cód cleachtais le chéile a thugann treoir agus a leagann amach an deachleachtas chun cabhrú le fostóirí, oibrithe agus a gcuid ionadaithe an dlí a thuiscint i leith faisnéis a nochtadh maidir le héagóir san ionad oibre agus le conas déileáil le nochtadh a leithéid faisnéise: www.workplacerelations.ie
Is féidir gearáin faoi phionósú ar bith mar thoradh ar thuairisc ar éagóir a dhéanamh in ionad na hoibre a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Cuireann suíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh tuilleadh eolais faoi Nochtadh Cosanta ar fáil ar a leathanach ‘Cosaint do’: www.citizensinformation.ie
B’fhéidir gur mhian leat dul i dteagmháil le d’aturnae sula ndéanann tú tuairisc faoi éagóir.