Plean Straitéiseach 2022 - 2025
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Soláthraíonn Oifig an Ombudsman an tacaíocht Seirbhísí Corparáideacha Coimisinéir um Nochtadh Cosanta agus do roinnt Oifigí reachtúla eile. Cé go ndéanann na hOifigí éagsúla feidhmeanna reachtúla soiléire agus ar leith, feidhmíonn an Oifig mar ghníomhaireacht chónasctha aonair i dtaobh cúrsaí eagraíochtúla. Tá an Oifig á maoiniú ag Vóta amháin agus á maoirsiú ag Oifigeach Cuntasaíochta (Ardstiúrthóir) a fhaigheann tacaoícht ó Choiste Comhairleach Bainistíochta. Agus iad i mbun a gcuid oibre glacann ár bhfoireann leis na hoibleagáidí traidisiúnta príobháideachais agus ionracais i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil agus ag an am céanna cosnaíonn agus caomhnaíonn siad neamhspleáchas reachtúil agus feidhmeanna gach ceann de na comhoifigí ina n-oibríonn siad. Tá nuashonruithe maidir lenár Rialachas Corparáideach leagtha amach ar an leathanach Straitéis agus Rialachas Straitéis agus Rialachas ar láithreán gréasáin Oifig an Ombudsman.
Cuimsíonn an leathanach seo faisnéis agus nuashonruithe maidir le:
• ár bPlean Straitéiseach 2022-25
• ár gcomhlíonadh leis na ceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla
• ár gcomhlíonadh le ceanglais an Achta um Nochtadh Cosanta
• ár gcomhlíonadh leis na ceanglais faoi alt 42 Acht an IHREC (an dualgas ar sheirbhísigh phoiblí i ndáil le cearta an duine)
• ár gCreat Rialachais Chorparáidigh
• ár bhFoireann Ghlas (lena n-áirítear ár gcomhlíonadh leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin)
• ballraíocht eagraíochtaí.
Féach ar ár nós imeachta anseo.
Cuireann an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014, arna Leasú cosaintí ar fáil d'oibrithe a chuireann ábhair imní dlisteanacha in iúl maidir le héagóir a tharla nó éagóir a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe san áit oibre. D'fhorbair an Oifig nósanna imeachta i gcomhréir leis an Acht 2014 nósanna imeachta a d'fhaomh an Fhoireann Bainistíochta. Tugtar eolas faoin méid seo a leanas sna nósanna imeachta:
Aithníonn an Oifig an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mothaíonn baill foirne go dtacaítear leo san áit oibre. Tacaíonn an próiseas le tiomantas na hOifige do chinntiú go spreagann agus go n-éascaíonn a chultúr agus timpeallacht oibre baill foirne 'labhairt amach' faoi aon cheist a chuireann isteach ar chumas na hOifige a dhualgais a chur chun críche.
Éilítear le hAlt 22 den Acht 2014 go n-ullmhóidh gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil agus go bhfoilseoidh siad í maidir leis na nochtaí cosanta a fhaightear faoi fhorálacha an Achta sin:
Tuarascáil inmhéanacha faoi fhorálacha Chuid 6 den Acht
How many reports were received via internal reporting channels in the calendar year? 0
Tuarascáil Bhliaintúil de Staitisticí - Coimisinéir na Nochtuithe Cosanta
1 Ainm an Chomhlachta Phoiblí: Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta
2 An bhliain féilire atá clúdaithe sa tuarascáil seo: 2023
3 Tuairiscí faighte sa bhliain féilire
3.1 As na tuairiscí a fuarthas sa bhliain féilire is ábhar don tuarascáil seo, cé mhéad a bhí:
3.1.1 Faighte go díreach tríd an mbealach tuairiscithe seachtrach arna bhunú faoi alt 7(2A)? 87
3.1.2 Curtha ar aghaidh ag Aire faoi alt 8(3)(a)? 171
3.1.3 Curtha ar aghaidh ag duine forordaithe eile faoi alt 7A(1)(b)(vi) den Acht? 24
3.1.4 Líon iomlán na dtuairiscí a fuarthas: 283
4 Measúnú, cur ar aghaidh agus obair leantach ar thuairiscí
4.1 As líon iomlán na dtuairiscí a fuarthas sa bhliain féilire mar a thuairiscíodh mar fhreagra ar C3.1.4, cé mhéad a bhí: (a) Go hiomlán (b) Go páirteach
4.1.1 Curtha ar aghaidh chuig duine forordaithe? Go hiomlán - 100, Go páirteach - 11
4.1.2 Curtha ar aghaidh chuig duine oiriúnach? Go hiomlán - 155, Go páirteach - 11
4.1.3 A ndearnadh obair leantach go díreach orthu? Go hiomlán - 12, Go páirteach - 2
4.1.4 A dúnadh toisc gur léir gur miontuairisc a bhí inti? Go hiomlán - 0, Go páirteach - 0
4.1.5 A dúnadh toisc gur tuairisc athráiteach a bhí inti nach raibh aon fhaisnéis fiúntach ag baint léi? Go hiomlán - 0, Go páirteach - 0
4.1.6 A atreoraíodh chuig nós imeachta eile níos ábhartha? Go hiomlán - 0, Go páirteach - 0
4.1.7 A dúnadh gan aon ghníomh eile a ghlacadh? Go hiomlán - 4, Go páirteach - 0
5 Obair leantach ar thuairiscí
5.1 Cé mhéad nós imeachta leantach a osclaíodh sa bhliain féilire? 0
5.2 Cé mhéad nós imeachta leantach oscailte a tugadh anonn ón mbliain roimhe? 0
5.3 Cé mhéad nós imeachta leantach a dúnadh sa bhliain féilire? 0
5.4 Cé mhéad nós imeachta leantach a bhí fós oscailte ag deireadh na bliana féilire? 0
5.5 As líon na nósanna imeacha leantacha a tuairiscíodh a bheith fós ar oscailt mar fhreagra ar C5.4, cé mhéad atá:
5.5.1 Oscailte níos lú ná 1 bhliain? 0
5.5.2 Oscailte níos mó ná 1 bhliain ach níos lú ná 3 bliana? 0
5.5.3 Oscailte níos mó ná 3 bhliain ach níos lú ná 5 bliana? 0
5.5.4 Oscailte 5 bliana nó níos mó? 0
5.6 Cén meánfhad a bhí i gceist leis na himscrúduithe a dúnadh sa bhliain féilire? 0
5.7 Cén fhad airmheánach a bhí i gceist leis na himscrúduithe a dúnadh sa bhliain féilire? 0
6 Ábhair a ndearnadh obair leantach orthu
6.1 As na nósanna imeachta a ndearnadh obair leantach orthu a osclaíodh sa bhliain féilire tuairiscithe mar fhreagra ar C5.1, cé mhéad acu a bhain le:
6.1.1 Cionta coiriúla? 0
6.1.2 Sáruithe ar oibleagáid dhlíthiúil? 0
6.1.3 Iomrall ceartais? 0
6.1.4 Sláinte agus sábháilteacht a chur i mbaol? 0
6.1.5 Damáiste don chomhshaol? 0
6.1.6 Cistí poiblí a úsáid go neamhdhleathach nó go míchuí? 0
6.1.7 Gníomhartha nó neamhghníomhartha atá leatromach, idirdhealaitheach nó thar a bheith fíorfhaillíoch nó arb ionann iad agus fíor-mhíbhainistíocht? 0
6.1.8 Sáruithe ar dhlíthe an AE laistigh de raon feidhme Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/1937 (an Treoir maidir le Sceithireacht)? 0 Má osclaíodh aon imscrúduithe faoin gceannteideal seo, comhlánaigh C7 freisin le do thoil. Seachas sin téigh ar aghaidh go C8
6.1.9 Faisnéis a cheilt nó a scrios a léiríonn aon ábhar a thagann faoi mhíreanna 6.1.1 go 6.1.8? 0
7 Ábhair a ndearnadh obair leantach orthu – Sáruithe ar dhlíthe an AE
7.1 As na nósanna imeachta leantacha a tuairiscíodh a bheith oscailte mar fhreagra ar C6.1.8 (sáruithe ar dhlí an AE), cé mhéad sáruithe a bhain le: Ná comhlánaigh an roinn seo ACH AMHÁIN má osclaíodh imscrúdú amháin nó níos mó maidir le sáruithe ar dhlíthe an AE lastigh de raon feidhme Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/1937 (an Treoir maidir le Sceithireacht).
7.1.1 Soláthar poiblí? 0
7.1.2 Seirbhísí, táirgí agus margaí airgeadais, agus sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc? 0
7.1.3 Sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí? 0
7.1.4 Sábháilteacht iompair? 0
7.1.5 Cosaint an chomhshaoil? 0
7.1.6 Cosaint radaíochta agus sábháilteacht núicléach? 0
7.1.7 Sábháilteacht bia agus beatha agus sláinte agus leas ainmhithe? 0
7.1.8 Sláinte phoiblí? 0
7.1.9 Cosaint do thomhaltóirí? 0
7.1.10 Príobháideacht agus sonraí pearsanta a chosaint agus slándáil córas líonra agus faisnéise? 0
7.1.11 Leasanna airgeadais an AE? 0
7.1.11 Feidhmiú Mhargadh Inmheánach an AE? 0
8 Toradh na n-imscrúduithe
8.1 Le plé 0
9 Tuairiscí gan ainm
9.1 As líon iomlán na dtuairiscí a fuarthas mar fhreagra ar C3, cé mhéad a rinneadh gan ainm? 38
9.2 Cé mhéad imscrúdú a osclaíodh mar fhreagra ar thuairiscí gan ainm sa bhliain féilire? 0