Faisnéis faoin gComhshaol
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisinéir um Nochtadh Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba chóir iarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a chur chuig an seoladh seo a leanas:
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Oifig Choimisinéir na Nochtuithe
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Is í an Rúnaíocht a phléifidh le hiarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a chuirtear chuig an Oifig.
Tá an tOmbudsman i seilbh oifigí an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta araon. Cé go roinntear seirbhísí nó áiseanna áirithe ‘sa bhaile’ idir an dá oifig, tá foireann ar leith ag gach oifig atá ainmnithe chun a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích ar bhealach neamhspleách. Nuair a dhéantar iarratas ar fhaisnéis faoi na Rialacháin AIE, ní mór duit:
De ghnáth, cuirfear an cinneadh ar d’iarratas in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis é a fháil.
Má mheasann tú gur diúltaíodh do bhuniarratas ar fhaisnéis chomhshaoil go hiomlán nó go páirteach, nó nár déileáladh leis i gceart ar shlí eile de réir fhorálacha na Rialachán AIE, is féidir leat iarraidh ar an Oifig athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh. Ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a fhaigheann tú an cinneadh ón Oifig. Is ball foirne nach bhfuil baint aige leis an gcéad chinneadh a dhéanfaidh an t-athbhreithniú, agus atá den ghrád céanna leis an gcéad chinnteoir, nó níos sinsearaí ná an chéad chinnteoir.
Eiseofar toradh scríofa an athbhreithnithe chugat, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin, laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an t-iarratas, ag cur in iúl duit an cinneadh, an chúis atá leis an gcinneadh agus an ceart atá agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil.
Níl aon táille tosaigh ag teastáil nuair a dhéantar iarratas AIE chuig an Oifig seo. Féadfaidh an Oifig, áfach, táille réasúnta a ghearradh as faisnéis chomhshaoil a sholáthar i gcomhréir leis na Rialacháin. Tá táille tháscach leagtha síos ag an Oifig mar seo a leanas:
Cuirfear sonraí na muirear, más ann dóibh, ar an eolas sa litir chinnidh. Cuirfidh an Oifig do chúinsí pearsanta san áireamh agus aon táillí a d’fhéadfadh a bheith i gceist á ríomh.
Tá treoir maidir le feidhmeanna na hOifige agus maidir leis taifid atá á gcoinneáil aici siúd ar fáil sa Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise. Má bhíonn aon cheist agat, is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Faisnéise ar an nguthán ag 01 639 5650, nó ríomhphost a sheoladh chuig info@opdc.ie
Is pointe faisnéise é an suíomh gréasáin seo chun críche Threoir AIE. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise comhshaoil uait, is féidir leat iarratas AIE a chur isteach nó teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Faisnéise, mar atá leagtha amach thuas.
Tá tuilleadh eolais ghinearálta ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2018, lena n-áirítear eolas cúlra faoin reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc chuig comhlachtaí ábhartha eile ar fáil sa rannán AIE de shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.